An Dioplóma sa Ghaeilge B1
Forléargas ar an gCúrsa
Tá sé mar chuspóir ag an gcúrsa seo forbairt agus buanú a dhéanamh ar scileanna teanga na mac léinn a bhfuil eolas áirithe ar an nGaeilge acu.
Iarratais agus roghnúchán
Foirm Iarratais
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ag úsáid an fhoirm seo: Foirm Iarratais ar líne
Má thugann tú faoin gcúrsa seo déanfar thú a chlárú ar Chóras Clárúcháin na hOllscoile.
An Triail Socrúcháin Teanga (ar líne)
- Caithfidh tú an Triail Socrúcháin Teanga (ar líne) a dhéanamh.
- Cabhróidh an triail seo linn freastal ar riachtanais teanga an fhoghlaimeora trí thástáil a dhéanamh ar an leibhéal teanga atá aige/aici.
- Beidh deis agat é a dhéanamh díreach tar éis duit iarratas a dhéanamh.
- Ní ghlacfar le d'iarratas go dtí go bhfuil an Triail Socrúcháin Teanga déanta agat.
- Cuideoidh an Triail seo linn tú a chur sa rang cuí.
Eolas faoi na teagascóirí
Riachtanais agus measúnú
- An Scrúdú Cainte: Déanfar tástáil ar chumas labhartha Gaeilge na n-iarrthóirí trí scrúdú cainte sa chéad agus sa dara bliain.
- An Scrúdú Scríofa: Ní mór d’iarrthóirí na scrúdaitheoirí a shásamh go bhfuil ar a gcumas scríobh go cruinn sa Ghaeilge. Seasfaidh gach mac léinn scrúdú ag deireadh gach bliana.
- Measúnuithe Leanúnacha: I rith gach bliana caithfidh iarrthóirí dhá mheasúnú a sheasamh.
Sonraí an chúrsa
Riachtanais iontrála
Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine ar spéis leo cur lena gcuid eolais ar an teanga. Beidh an cúrsa seo oiriúnach (i) do dhaoine a bhfuil an Dioplóma A2 sa Ghaeilge bainte amach go sásúil acu nó (ii) do dhaoine a bhfuil buneolas acu ar an teanga cheana féin (de bharr a dtréimhse scolaíochta in Éirinn, mar shampla). Ní mór do gach iarrthóir Triail Socrúcháin Teanga a sheasamh.
Riachtanais bhreise
Fad an chúrsa
Cúrsa páirtaimseartha thar dhá bhliain
Dáta tosaithe
Meán Fómhair 2022
Gráid A-leibhéil ()
Líon na mac léinn
20
Spriocdháta
Leibhéal NFQ
7
Modh staidéir
Meáchan ECTS
30
Dámhachtain
Cód CAO
Cód
Imlíne an chúrsa
- Éisteacht agus Labhairt 1 & 2 (Bliain 1 agus 2).
- Scríobh agus Léamh 1 & 2 (Bliain 1 agus 2).
Breisoideachas
Cén fáth a roghnófá an cúrsa seo?
Deiseanna fostaíochta
Cuideoidh an cúrsa seo leat cur le do chuid scileanna teanga agus éascóidh sé cumarsáid trí Ghaeilge agus tuiscint ar an teanga labhartha agus scríofa.
Cé dó a fheileann an cúrsa seo?
Torthaí foghlama
Socrúchán oibre
Staidéar thar lear
Eagraíochtaí gaolmhara mac léinn
Táillí an chúrsa
Táillí: AE
Táillí: Teagasc
Táillí: Tobhach na mac léinn
Táillí: Neamh AE
Táille alumni
€660
Táille do na mic léinn lánaimseartha
€200
Seol ríomhphost chuig andioplomasaghaeilge@oegaillimh.ie chun tuilleadh eolais a fháil faoi tháillí an chúrsa.
Tuilleadh eolais
Zara Kenny
Oifig an Dioplóma sa Ghaeilge
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Gaillimh
Ríomhphost / Email: andioplomasaghaeilge@oegaillimh.ie
Cad a deir ár mic léinn

Dave Moore | Dioplóma sa Ghaeilge
D’fhreastail mé ar an Dioplóma sa Ghaeilge (C1) mar mhac léinn lánfhásta. Bhí mé neirbhíseach sular thosaigh mé mar nach ndearna mé staidéar ar an nGaeilge sa scoil (is as Sasana dom) ach ní raibh gá dom aon imní a bheith orm. Fuair mé tacaíocht den scoth ó thús go deireadh ó fhoireann Áras na Gaeilge agus ó na mic léinn eile sa rang. Bhí atmaisféar breá dearfach ann agus bhí an staidéar féin i bhfad níos éasca mar gheall air seo. Chaith mé cúpla bliain an-sásúil in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus mé ag déanamh staidéir ar an Dioplóma sa Ghaeilge. Thaitin sé go mór liom agus mholfainn go láidir é.
Íoslódálacha
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Ateangaireacht Chomhdhála) PDF (3.2 MB)
-
Teastas Iarchéime (Léann an Aistriúcháin) PDF (761 KB)
-
Réamheolaire Fochéime 2022 PDF (1.6 MB)
-
MA / Dioplóma Iarchéime (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) PDF (2.4 MB)
-
Ard-Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach PDF (601 KB)
-
An Dioplóma sa Ghaeilge PDF (4.4 MB)
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Léann Teanga) PDF (544 KB)
-
Teastas Iarchéime Ardscileanna Gaeilge do Mhúinteoirí PDF (430 MB)
-
Dioplóma sa Chultúr Dúchais PDF (2.2 MB)
-
Dioplóma sa Phleanáil agus Buanú Teanga PDF (3.6 MB)
-
International Students PDF (512 KB)
-
Ranganna Foirne PDF (784 KB)
-
BA (Gaeilge Fheidhmeach) PDF (170 KB)
-
Ábhair Oidí 2020 PDF (1.2 MB)
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Cumarsáid) PDF (1.1 MB)
-
Oideachas (Máistir Gairmiúil san [MGO]) PDF (711 KB)
-
Dioplóma i bhForbairt Gréasáin PDF (2.6 MB)