MA / Dioplóma Iarchéime (Léann Teanga)
Forléargas ar an gCúrsa
Is é aidhm an chúrsa seo oiliúint i ngnéithe den Léann Teanga a chur ar mhic léinn a chuirfidh ar a gcumas feidhmiú go gairmiúil trí Ghaeilge, in earnálacha éagsúla. Tabharfar léargas do na mic léinn ar fad ar bhunghnéithe faoi leith den Léann Teanga, ar a n-áirítear cruinnscríobh na Gaeilge, modheolaíochtaí taighde agus an tsochtheangeolaíocht. Díríonn na mic léinn, trí mhodúil sainábhair, ar cheann amháin de na príomhdhisciplíní seo a leanas: Aistriúchán nó Pleanáil Teanga.
Iarratais agus roghnúchán
Cuirtear isteach ar an gclár seo ar líne ag: https://nuigalway.elluciancrmrecruit.com/Apply/
Eolas faoi na teagascóirí
Dorothy Ní Uigín PhD
Áine Nic Niallais PhD
Seathrún Ó Tuairisg PhD
Séamus Ó Coileáin MPhil
Niall Mac Uidhilin PhD
Belinda McHale MA
Lisa Ní Fhlatharta MA
Aodh Ó Coileáin LLM
Tomás Ó Maolalaidh MA
Eoin Ó Droighneáin MA
Riachtanais agus measúnú
Ceadófar do mhic léinn a bhaineann pas amach sna modúil mhúinte tabhairt faoi thráchtas nó tionscadal taighde atá bainteach leis an réimse sainábhair a roghnaíonn siad.
Sonraí an chúrsa
Riachtanais iontrála
Bunchéim Dara hOnóracha, Grád 2 ag leibhéal 8, nó Dara hOnóracha, Grád 2 i gclár iarchéime i réimse gaolmhar.
Is féidir le hiarrthóirí nach bhfuil na cáilíochtaí acadúla cuí acu, ach a bhfuil ar a laghad cúig bliana de thaithí ghairmiúil acu i réimse gaolmhar d'earnáil na teanga iarratas a dhéanamh faoi chóras na hOllscoile d’Aitheantas don Réamhfhoghlaim (RPL).
Is gá d’iarrthóirí Stiúrthóir Acadúil an chúrsa a shásamh go bhfuil cumas dóthanach acu sa Ghaeilge chun tabhairt faoin gcúrsa.
Scoláireacht
Beidh céimithe de chuid OÉ Gaillimh a bhain céad onóracha i scrúduithe na céime agus Léann an Aistriúcháin nó Gaeilge mar ábhair chéime acu i dteideal cur isteach ar Scoláireacht Mhic Dhonncha. Tá tuilleadh eolais ar fáil faoin scoláireacht ag an nasc thíos:
Riachtanais bhreise
Fad an chúrsa
Dhá bhliain (páirtaimseartha).
Is féidir an cúrsa a dhéanamh ar bhonn modúlach, freisin.
Dáta tosaithe
Meán Fómhair 2021
Gráid A-leibhéil ()
Líon na mac léinn
20
Spriocdháta
Leibhéal NFQ
Modh staidéir
Meáchan ECTS
90
Dámhachtain
Cód CAO
Cód
GYA90
Imlíne an chúrsa
Sceideal 2021/2022
Beidh 6 cheardlann ar siúl i gcaitheamh na bliana. Beidh na ceardlanna sin ar siúl ar an Satharn agus seo a leanas na dátaí don bhliain 2021/2022:
Seimeastar 1
Ceardlann 1 (11/09/21)
Ceardlann 2 (09/10/21)
Ceardlann 3 (06/11/21)
Scrúduithe (04/12/21)
Seimeastar 2
Ceardlann 1 (29/01/22)
Ceardlann 2 (19/02/22)
Ceardlann 3 (12/03/22)
Scrúduithe (02/04/2022)
Cuirfear oiliúint ort i ngnéithe tábhachtacha den Léann Teanga. Áirítear orthu sin Cruinnscríobh na Gaeilge (ardchruinneas i scríobh na Gaeilge; léargas ar an téarmeolaíocht, mar aon le ceartúsáid uirlisí foclóireachta agus téarmaíochta), Modheolaíochtaí Taighde (modheolaíochtaí le haghaidh taighde iarchéime), an Scríbhneoireacht Acadúil (mar a mbeidh deis agat iris acadúil phiarmheasúnaithe ar líne a ullmhú).
Lena chois sin, beidh deis agat speisialtóireacht a dhéanamh i gceann de na sainábhair seo a leanas:
Aistriúchán: Sa sainábhar seo, scrúdófar na modhanna is éifeachtaí chun téacsanna a aistriú go Gaeilge. Cíorfar na cineálacha téacsanna is mó a mbíonn aistritheoirí gairmiúla ag plé leo agus na dúshláin is suntasaí a bhaineann leis an nGaeilge mar sprioctheanga aistriúcháin. Beidh béim ar theicneolaíocht an aistriúcháin chun go mbeidh ar do chumas aghaidh a thabhairt ar an margadh fostaíochta agus na scileanna riachtanacha teanga agus teicneolaíochta araon sealbhaithe acu. Beidh dhá mhodúl Fraincis go Gaeilge ar fáil ar bhonn roghnach i measc na modúl aistriúcháin.
Pleanáil Teanga: Sa sainábhar seo, scrúdófar na coincheapa agus na beartais is nua-aimseartha sna réimsí éagsúla a thagann faoi scáth na pleanála teanga: an tsochtheangeolaíocht; an teangeolaíocht; an phleanáil straitéiseach. Tá an sainábhar seo dírithe ar dhaoine a bhfuil spéis acu i gcúrsaí teanga agus sna bealaí éagsúla ar féidir dul i bhfeidhm ar phobail teanga d’fhonn spriocanna sainiúla a bhaint amach. Breathnófar go mion ar ghnéithe a bhaineann leis an bpleanáil teanga sa chomhthéacs náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Táimid buíoch de Memsource as ucht a mbogearra aistriúcháin a chur ar fáil saor in aisce don chlár léinn seo.
Cén fáth a roghnófá an cúrsa seo?
Deiseanna fostaíochta
Ullmhóidh an cúrsa seo tú chun tabhairt faoi ghairm in earnáil na teanga. I measc na n-eagraíochtaí a fhostaíonn mic léinn de chuid an ábhair seo, tá institiúidí an Aontais Eorpaigh, institiúidí aistriúcháin de chuid an Stáit, cuideachtaí príobháideacha aistriúcháin, údaráis áitiúla, eagraíochtaí forbartha de chuid an Stáit, institiúidí oideachais, eagraíochtaí pobail, etc.
Cé dó a fheileann an cúrsa seo?
Torthaí foghlama
Socrúchán oibre
Staidéar thar lear
Eagraíochtaí gaolmhara mac léinn
Táillí an chúrsa
Táillí: AE
Táillí: Teagasc
Táillí: Tobhach na mac léinn
Táillí: Neamh AE
Tuilleadh eolais
Tomás Ó Maolalaidh
An tAonad Aistriúcháin agus Ateangaireachta
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ollscoil na hÉireann Gaillimh
T: +353 91 492534
R: leannteangaoegaillimh.ie
www.oegaillimh.ie/acadamh
Eoin Ó Droighneáin
An tAonad Aistriúcháin agus Ateangaireachta
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
T: +353 91 493366
R: leannteangaoegaillimh.ie
Íoslódálacha
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Ateangaireacht Chomhdhála) PDF (3.2 MB)
-
Teastas Iarchéime (Léann an Aistriúcháin) PDF (761 KB)
-
Réamheolaire Fochéime 2022 PDF (1.6 MB)
-
MA / Dioplóma Iarchéime (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) PDF (2.4 MB)
-
Ard-Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach PDF (601 KB)
-
An Dioplóma sa Ghaeilge PDF (4.4 MB)
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Léann Teanga) PDF (544 KB)
-
Teastas Iarchéime Ardscileanna Gaeilge do Mhúinteoirí PDF (430 MB)
-
Dioplóma sa Chultúr Dúchais PDF (2.2 MB)
-
Dioplóma sa Phleanáil agus Buanú Teanga PDF (3.6 MB)
-
International Students PDF (512 KB)
-
Ranganna Foirne PDF (784 KB)
-
BA (Gaeilge Fheidhmeach) PDF (170 KB)
-
Ábhair Oidí 2020 PDF (1.2 MB)
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Cumarsáid) PDF (1.1 MB)
-
Oideachas (Máistir Gairmiúil san [MGO]) PDF (711 KB)
-
Dioplóma i bhForbairt Gréasáin PDF (2.6 MB)